Cur síos ar scéim Gaelbhratach

Is scéim í Gaelbhratach a thugann aitheantas do scoileanna a ghníomhann le húsáid na Gaeilge agus feasacht ar an teanga a chur chun cinn tríd an scoil ar fad agus lasmuigh di.

Má tá an scoil chun tabhairt faoin scéim seo, ní mór do struchtúr na scoile ar fad a bheith tiomanta don Ghaelbhratach a bhaint amach:

  • Mic léinn
  • Foireann – Múinteoirí & Baill foirne eile
  • An Bord Bainistíochta
  • Coiste na dTuismitheoirí

 

Cén fáth gur fiú don scoil páirt a ghlacadh?

  1. Spreagfaidh Gaelbhratach úsáid na Gaeilge sa scoil ina hiomláine
  2. Cuirfidh Gaelbhratach le híomhá dearfach na Gaeilge sa scoil agus i measc an phobail lasmuigh di
  3. Ardóidh Gaelbhratach feasacht i measc na ndaltaí ar an saol Gaeilge lasmuigh den scoil
  4. Beidh níos mó spéise ag na daltaí sa Ghaeilge
  5. Spreagfaidh Gaelbhratach ceannaireacht i measc na ndaltaí
  6. Cumasófar na daltaí le gníomhú le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil
  7. Cruthóidh Gaelbhratach gréasán oibre idir na mic léinn, na múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile
  8. Beidh a fhios ag na daltaí agus ag foireann na scoile go bhfuil spéis faoi leith ag an scoil sa Ghaeilge agus cur chun cinn úsáid na Gaeilge
  9. Beidh an scoil páirteach sa ghluaiseacht náisiúnta le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn
  10. Nuair a chomhlíonfar na céimeanna go sásúil beidh Gaelbhratach bronnta ar an scoil tar éis bliana. Beidh sé mar chomhartha aitheantais don obair ar fad déanta ag an scoil le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn go gníomhach. Is próiséas leanúnach é seo, mar sin moltar tabhairt faoin scéim gach bliain ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn ó bhliain go bliain. Moltar gan dabht tabhairt faoi imeachtaí agus gníomhaíochtaí nua gach bliain.

Cuspóirí Gaelbhratach don mhac léinn:

  1. Go spreagfar agus go gcumasófar an dalta le bheith páirteach go gníomhach in úsáid na Gaeilge agus feasacht ar an teanga a chur chun cinn sa scoil
  2. Go spreagfar agus go gcumasófar an dalta le feidhmiú go gníomhach mar cheannaire agus le scileanna eagrúcháin a fhoghlaim
  3. Go mbeidh an dalta níos muiníne agus tiomáinte chun an Ghaeilge a úsáid, ní mar ábhar scoile nó teanga scoile amháin, ach mar rogha teanga níos mó ina shaol pearsanta
  4. Go mbeidh feasacht níos fearr ag an dalta ar na deiseanna úsáide Gaeilge lasmuigh den scoil

Cuspóirí Gaelbhratach don mhúinteoir:

  1. Go mbeidh cúnamh agus tacaíocht ghníomhach ar fáil don mhúinteoir ó na daltaí le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil
  2. Mar thoradh ar an obair ar fad go mbeidh na daltaí níos spreagtha chun an Ghaeilge a fhoghlaim
  3. Go mbeidh an múinteoir nasctha le córas náisiúnta le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus go mbeidh tacaíocht ann don mhúinteoir de bharr seo
  4. Go spreagfar múinteoirí na scoile le níos mó úsáide a bhaint as an nGaeilge agus go mbeidh níos mó feasachta acu ar an teanga

Cad é ról an Mhúinteora?

Is gá go mbeidh ról lárnach ag an múinteoir chun an Gaelbhratach a bhaint amach. Beidh na mic léinn go cinnte ag tiomáint na hoibre agus freagrach as na himeachtaí a eagrú ach tá sé tábhachtach go mbeadh tacaíocht á fháil acu ón múinteoir.

Moltar don mhúinteoir na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

  • A bheith mar theagmhálaí le Gael Linn
  • Coiste Gaeilge na scoile a eagrú
  • Dul tríd an lámhleabhar tacaíochta leis an gCoiste Gaeilge
  • Tacaíocht a thabhairt don Choiste Gaeilge na cruinnithe a eagrú (ó thaithí na scéime píolótaí, ba chóir go mbeadh an múinteoir i láthair na cruinnuithe seo, go dtí go bhfuil na daltaí dulta i dtaithí ar an scéim).

A bheith mar theagmhalaí leis na daoine seo a leanas:

  1. Príomhoide na scoile
  2. Bord Bainistíochta na scoile
  3. Coiste Tuismitheoirí na scoile
  • Comhairle agus tacaíocht a thabhairt do Chathaoirleach an Choiste Gaeilge
  • Freastal ar cheann de na ceardlanna traenála agus tacaíochta

Céard atá le déanamh chun Gaelbhratach a bhaint amach?

Tá an cúig ghníomh riachtanach le déanamh chun Gaelbhratach a bhaint amach:

  1. Coiste Gaeilge a bhunú
  2. Suirbhé a dhéanamh ar an nGaeilge sa scoil
  3. Plean gnímh a chur le chéile agus feidhmiú air
  4. Monatóireacht agus measúnú a dhéanamh i rith na bliana
  5. Fís don Ghaeilge sa scoil

Chomh maith leo siúd is gá do gach scoil trí ghníomh eile a roghnú ón liosta thíos:

  1. Páirt a ghlacadh i COMHRÁ ‘17
  2. Club Gaeilge iarscoile nó ‘Is Leor Beirt’ ag am lóin a eagrú
  3. Tionscadal ar chearta teanga agus stádas na Gaeilge
  4. Amhrán na bhFiann a fhoghlaim
  5. Clár raidio
  6. Imeachtaí le scoileanna eile
  7. Imeachtaí do thuismitheoirí
  8. Turas scoile chun na Gaeltachta nó chuig ionad oidhreachta le seirbhís as Gaeilge
  9. Seomra Gaeilge nó balla Gaeilge a chur ar bun
  10. Páirt a ghlacadh i Gaeilge 24

Ag bunú an Coiste Gaeilge:

‘Sí príomh aidhm an choiste Gaeilge ná a bheith i gceannas ar an bpróiséas Gaelbhratach. Beidh an coiste Gaeilge freagrach as na rudaí seo a leanas:

  • Rannpháirtíocht leathan a chinntiú ar an gCoiste Gaeilge ó gach bliain sa scoil
  • An plean gnímh a chur le chéile agus é a chur i bhfeidhm sa scoil
  • Na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí sa phlean a eagrú
  • Measúnú leanúnach a dhéanamh ar aon dhul chun cinn atá déanta

Feidhmiú an Choiste Gaeilge

Tá córas molta thíos chun an Coiste Gaeilge a fheidhmiú:

  • Ba chóir na hoifigigh ar an gcoiste Gaeilge a roghnú ag an gcéad chruinniú, tríd daoine a ainmniú agus a thogadh más rud é go bhfuil níos mó ná duine amháin ainmnithe d’aon phost faoi leith.
  • Ba chóir na hoifigigh seo a leanas a bheith ar an gCoiste Gaeilge: cathaoirleach, leaschathaoirleach, rúnaí, cisteoir agus oifigeach caidrimh poiblí.
  • Ba chóir go mbeadh clár ann do gach cruinniú.
  • Ba chóir go mbeadh miontuairiscí glactha ag gach cruinniú. (Aon ábhar a bhí pléite, aon chinneadh a bhí déanta agus an duine/daoine atá anois freagrach as an gcinneadh sin a chur i bhfeidhm).
  • Ba chóir don chathaoirleach i bpáirt leis an leaschathaoirleach monatóireacht a dhéanamh ar aon dhul chun cinn atá déanta uair sa mhí.