A leithéid de mhí!

| Scrios

Tá muid scriosta anseo i Scoil Naoimh Uinseann, i ndiaidh mí a bhí thar a bheith gnóthach! Ag deireadh mí Feabhra, chuaigh 51 againn go hOileán Scítheanach in Albain, chun an Ghaeilge a chleachtadh agus an Ghaidhlig a fhoghlaim le lucht Sabhal Mòr Ostaig. Ansin, ghlac muid páirt san Fhéile Drámaíochta in Institiúd Teicneolaíochta Dhún Dealgan agus sa Mhuileann gCearr. Agus ansin, chun an dlaoi mhullaigh a chur ar rudaí, d’eagraíomar céilithe, tráth na gceist, lá scannáin agus dhá cheolchoirm sa Spirit Store mar chuid d’imeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Is maith an rud é go bhfuil coicís saor againn. Bainigí sult as an gCáisc, a chairde!