Ceisteanna Coitianta

hero-curve
Conas a chuirim tús leis an scéim seo i mo scoil féin?

Chun páirt a ghlacadh in Gaelbhratach, ní gá ach an fhoirm don liosta feithimh a líonadh anseo.

Tá mé ar an liosta feithimh le fada cathain a bheidh deis againn tús a chur leis an scéim?

Tá áiféala orainn nach féidir linn glacadh le gach scoil a léiríonn spéis sa scéim ar an bpointe. Ceal foirne agus acmhainní, tá srian leis an méid scoileanna gur féidir a bheith páirteach in aon bhliain amháin. Táimid ag obair i gcónaí chun tuilleadh maoinithe a fháil, rud a chabhróidh linn ár n-acmhainn a mhéadú. Is mór againn bhur dtuiscint agus bhur bhfoighne agus sibh ag fanacht ar spás sa scéim.

Ní brat eile! An mbeidh a lán obair bhreise i gceist leis?

Deirtear linn go minic go dteastaíonn cabhair agus tacaíocht ó mhúinteoirí chun spreagadh a thabhairt do pháistí an Ghaeilge atá foghlamtha acu a úsáid i ngnáthchomhrá laethúil. Cuireann an scéim seo an chabhair agus an tacaíocht sin ar fáil.
Tá cur chuige Gaelbhratach bunaithe ar na téamaí agus na feidhmeanna teanga sa chúrsa cainte Gaeilge don bhunoideachas.
Mar sin, níor chóir go mbeadh níos mó ama ná obair bhreise i gceist leis an scéim seo agus ba chóir go gcabhródh sé go mór atmaisféar dearfach i leith na teanga labhartha a chothú.
Úsáidfear an Ghaeilge atá na daltaí ag foghlaim i gcluichí (Spreag an Ghaeilge le Spraoi mar shampla) agus ar bhealach spraíúil. Beidh na ranganna sin taitneamhach, agus beidh an dul chun cinn sultmhar do na daltaí agus do na múinteoirí.
Éireoidh leis an teagasc – an chéad chéim den timthriall foghlama: Múin/Foghlaim Úsáid Sásamh Múin/Foghlaim
Beidh an Ghaelbhratach féin le feiceáil go soiléir sa scoil, ag léiriú go poiblí, le bród, go mbíonn an Ghaeilge á húsáid ag an scoil seo.

Níl mórán muiníne ag go leor den fhoireann scoile i dtaobh na Gaeilge de, n’fheadar an mbeimid in ann ag an scéim seo.

Níl aon íosmhéid Gaeilge ag teastáil chun páirt a ghlacadh. Tuigimid go bhfuil gach scoil éagsúil agus nach féidir comparáid a dhéanamh eatarthu. Tá fáilte roimh scoil ar bith páirt a ghlacadh ann agus céimeanna a ghlacadh chun meon agus muinín i dtaobh na Gaeilge a fheabhsú, is cuma cén leibhéal teanga atá i gceist ag an dtús. Cuirtear na spriocanna in oiriúint do gach scoil le cinntiú go bhfuil siad réadúil agus indéanta.

Cad a bheidh difriúil?

Cuirfidh an modúl feasachta teanga tacaíocht ar fáil, ar bhealach nua, agus cuirfear béim ar:
Frásaí, nathanna agus abairtí roghnaithe don rang comhrá Gaeilge le gur féidir leis na daltaí cibé atá siad ag iarraidh a rá i nGaeilge.
Beidh réamhphleanáil i gceist le go mbeidh aon Ghaeilge a bhíonn á teagasc, á húsáid. Go bhfuil frásaí nua á gcur leis an méid atá acu cheana féin agus go mbeidh an obair ag dul ar aghaidh i mbealach a chinntíonn go mbíonn eolas agus úsáid na Gaeilge carnach. Beidh gach frása/focal ag cur leis an méid atá ar eolas acu cheana féin seachas á chur ina áit.
Beidh spreagadh á thabhairt do na daltaí an Gaeilge a d’fhoghlaim siad a úsáid i rith an lae.
Moltar do mhúinteoirí úsáid a bhaint as na frásaí nua iad féin, chomh maith le frásaí simplí ar nós: “Más é do thoil é/le do thoil; go raibh maith agat; tá sé sin go deas; gabh mo leithscéal; cá bhfuil…? srl.” Moltar é sin nuair atá aon teanga á teagasc (Féach ar an Tionscadal Píolótach ar Nuatheangacha sa Bhunscoil, CNCM, 2000 mar shampla)
Beidh roinnt de ghnáthnósanna an tseomra ranga a dhéanamh i nGaeilge, mar shampla:
“Is gearr go mbeidh sé in am dul abhaile. Caithfimid an seomra a ghlanadh.”
“Is gearr go mbeidh sé in am don rang corpoideachais. Caithfimid críoch/deireadh a chur leis an obair sin anois agus seasamh sa líne.”
“Fáilte romhaibh chuig an Tionól ar maidin.” Ba chóir don tionól leanúint i mBéarla go dtí go dtagann deiseanna eile chun cinn le frásaí nó amhráin Ghaeilge a úsáid. Ba chóir deireadh a chur leis an tionól trí mheán na Gaeilge, leis an méid Gaeilge ag ardú agus frásaí nua á bhfoghlaim.
I rith rang ceoil mar shampla: “Canfaimid Déirín Dé/Beidh Aonach Amárach anois.” “Caithfimid éisteacht go cúramach chun an nóta/an veidhlín/pianó a chloisteáil.” “Éistigí leis an gceol agus comhairigí na buillí – a haon, a dó…”
Bí i d’eiseamláir do na paistí agus labhair Gaeilge tú féin le do chuid comhghleacaithe, leis an bPríomhoide agus leis na tuismitheoirí (m.sh in Tacábhar. Céimeanna Beaga. FNT 2006).
B’fhéidir go dtiocfadh le roinnt fógraí ar an idirchum a bheith i nGaeilge, m.sh. “Tá sé ag cur báistí inniu agus ní féidir dul amach sa chlós ag am lóin.”
I roinnt scoileanna tugtar greamáin do dhaltaí nuair a chloistear iad ag caint as Gaeilge.
Tá sampla de chomhrá ar lch 13 den Tacábhar.

Cén fáth ar chóir Gaeilge a theagasc trí Ghaeilge? Nach bhfuil sé níos éasca rudaí a mhíniú i mBéarla?

(a) Ar an iomlán tá sé níos éifeachtaí an sprioctheanga a úsáid, is cuma cén teanga atá á teagasc.
(b) Beidh an fhoghlaim níos tapúla amach anseo.
(c) Caithfidh muid cabhrú leis an bhfoghlaimeoir smaoineamh sa sprioctheanga. Má choimeádann muid ag aistriú dóibh beidh sé níos deacra orthu é sin a dhéanamh.
(d) Má dhéanann tú nós d’ábhar a aistriú, ní bheidh na daltaí ag éisteacht leis an rud a deir tú sa sprioctheanga – fanfaidh siad ar an aistriúchán.
(e) Ní dhéanfaidh siad aon iarracht an t-ábhar a thuiscint, agus gan aon iarracht ní bheidh aon fhoghlaim.
Tá sé riachtanach go gcloisfidh na daltaí thú ag labhairt Gaeilge chomh minic agus is féidir i rith an cheachta Gaeilge: ar dtús thart ar 40% den am, ag ardú de réir a chéile go dtí thart ar 70% agus ar deireadh 100% den am.

Ach ní thuigfidh siad.

(a) Ní gá dóibh gach uile fhocal a thuiscint. Tá sé go breá má tá siad in ann an bhrí ghinearálta a thuiscint.
(b) Cuimhnigh nach féidir gach uile fhocal a aistriú focal ar fhocal ó theanga amháin go dtí ceann eile.
(c) Is féidir cuid mhór a rá trí ghlór, gothaí gnúise agus comharthaí.
(d) Is féidir ábhar a mhíniú trí ghníomhaíochtaí, comharthaí, pictiúr, srl., a úsáid, m.sh. le barr na fuinneoige a mhíniú, taispeáin –an fhuinneog– féin agus ansin taispeáin an barr, agus mínigh gurb é sin “barr na fuinneoige”.
(e) Uaireanta b’fhéidir go mbeadh sé níos éifeachtaí tagairt a dhéanamh don téarma Béarla, ACH sa chás seo déan cinnte an téarma Gaeilge a rá roinnt mhaith uaireanta i ndiaidh an téarma Béarla a úsáid. Deimhneoidh sé sin go mbeidh an téarma Gaeilge cloiste acu ar deireadh, agus fanfaidh sé leo.
(f) Úsáid an frása/abairt/nath nua i gcomhthéacs le cabhrú leis na daltaí an bhrí agus an chiall atá leis a thuiscint.

Cén sórt scoileanna a ghlacann páirt sa scéim seo?

Ag an mbunleibhéal, tá an scéim oscailte do scoileanna ina mhúintear trí mheán an Bhéarla. (T2) Ag an iar-bhunleibhéal, tá fáilte roimh scoileanna de gach saghas páírt a ghlacadh ann, scoileanna T1 agus T2 san áireamh.

Níl an múinteoir a bhí i gceannas ar Gaelbhratach sa scoil a thuilleadh. Táimse freagrach as anois ach nílim cinnte cá háit le tosú.

Cuirtear tacaíocht leanúnach ar fáíl do na scoileanna atá ag glacadh páirte in Gaelbhratach – is féidir leis seo a bheith i bhfoirm glaoch fóin/físe nó cuairt chun léargas a fháil ar chúinsí na scoile. Bíonn na comhráití seo réchúiseach i gcónaí agus tabhairfaidh siad smaointe, fócas agus pleananna duit chun tosú ar an bpróiseas.

Cén fhad a thógann sé chun an bhratach a bhaint amach?

Ag an mbunleibhéal, bronntar an bhratach ar scoileanna tar éis dhá bhliain agus na struchtúir cuí curtha i bhfeidhm acu. Ag an iar-bhunleibhéal bronntar bratach gach bliain ar an gcoinníoll go gcomhlíontar critéir áirithe.

Cad a tharlaíonn nuair a thagann sibh ar cuairt?

Déanaimid ár ndícheall a bheith solúbtha i gcónaí agus oibriú thart ar do sceideal nuair is féidir. Ní thiocfaimid riamh ar chuairt gan choinne agus ní bheimid riamh ag déanamh measúnú ar do chuid múinteoireachta in aon chor. Tagaimid ar chuairt chun léargas a fháil ar chultúr na scoile, chun aithne a chur ar na múinteoirí agus daltaí agus na rudaí is mó a thaitníonn leo. Oibrimid le chéile chun spriocanna a aithint atá ag teacht leis an méid atá ar siúl cheana agus déanfaimid moltaí ar bhealaí gur féidir leibhéal na Gaeilge a fheabhsú.

An bhfuil sé riachtanach Gaeilge amháin a labhairt leat/libh?

Níl sé. Ní bhímid ag súil le caighdeán líofachta ar leith. Labhróimid leat ar bhealach atá compordach duit.

Conas is féidir liom mo chuid Gaeilge a fheabhsú?

Bain triail as an méid atá agat a úsáid níos minicí. Bain leas as na hacmhainní atá againn le tuilleadh Gaeilge a snaí isteach go nádúrtha i do lá scoile. Tá i bhfad níos mó ar fáil ar líne, ar an teilifís agus ar an raidió anois ná mar a bhí blianta ó shin. Is féidir linn ranganna/cúrsaí Gaeilge a mholadh freisin gan dabht. Labhair í agus mairfidh sí!

Conas is féidir liom cabhrú le mo pháiste?

Le meon oscailte is féidir aon rud a bhaint amach. Fiú muna raibh taithí dearfach agat ag foghlaim na Gaeilge tú féin, tá deis agat a dhéanamh cinnte de go mbeidh eispearas níos fearr ag do pháiste. Bain úsáid as pé Gaeilge atá agat. Féach an áis nua atá againn “Is Féidir Linn” le samplaí praicticiúla a chloisteáil agus a fheiceáil den Ghaeilge neamhfhoirmiúil a bheadh ag teastáil uait sa teach. Déan iarracht an Ghaeilge a úsáid i mbun gnásanna laethúla sa bhaile – bíonn neart athrá i gceist agus deiseanna cleachtaithe, má bhíonn tú leanúnach leis, sár i bhfad beidh tú féin agus na páistí i bhfad níos compordaí agus tiocfaidh feabhas ar chúrsaí muiníne .

Conas níos mó Gaeilge neamhfhoirmiúil a úsáid i mo rang?

Is í an neamhfhoirmeáltacht croí na ceiste. Déan do mhachnamh ar na difríochtaí réime atá idir treoracha a thabhairt agus dreas cainte a dhéanamh. Nuair is féidir, i rith an lae, déan iarracht ceisteanna a chur agus comhrá a spreagadh bunaithe ar an méid atá ar siúl ag na daltaí ag an am. Mar shampla, le linn rang ealaíne, labhair leis na páistí faoi pé rud atá á dhéanamh acu, “Cén dathanna atá in úsáid agat?” “Cén dath is fearr leat?” “Cé hé/hí sin sa phictiúr?” “Agus cad é sin taobh leo/futhu/os a cionn?”

Tá páistí i mo rang le riachtanais speisialta.

Tá riachtanais ar leith ag gach páiste agus ag gach dalta. B’fhéidir nach mbeidh gá, áfach, páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu a fhágáil amach as ranganna Gaeilge. Is mór an trua iad a fhágáil amach as cuid thábhachtach dá gcultúr, nuair a bhféadfadh cuid mhaith acu sult a bhaint as an obair i gceacht Ghaeilge labhartha ar a laghad.
(a) Is minic gur féidir le páistí le riachtanais speisialta amhráin agus rannta as Gaeilge a chanadh agus a fhoghlaim.
(b) Cabhraíonn an rialtacht agus an chinnteacht a bhaineann le gnáthaimh, le foirmlí agus le feidhmeanna teangan leo.
(c) Baineann an scéim seo le Gaeilge chomhráiteach, agus is féidir le neart daltaí a bhfuil riachtanais speisialta acu Gaeilge labhartha a fhoghlaim.
(d) Ba chóir go mbeadh aon chluiche boird/léitheoireachta in oiriúint do chumas teangan an dalta.
(e) Bíonn áit do gach dalta sa rang i sceitsí nó i ndrámaí.

Tá neart daltaí inimirceacha i mo rang.

Tá gá le teanga bhaile na ndaltaí a aithint (Language Matters). San iomlán, ní bheidh deacrachtaí acu Gaeilge a fhoghlaim má thacaíonn a dteaghlach leis an smaoineamh. Caithfear an leibhéal ranga, aois agus taithí teangan na ndaltaí a chur san áireamh leis seo.

Cad a déarfaidh na tuismitheoirí?

(a) Ba chóir na tuismitheoirí a chur ar an eolas faoin Scéim Gaelbhratach ón tús (féach Feasacht Teanga).
(b) Cuir ábhar abhaile leis na páistí – frásaí, scéaltaí ar CD, rannta, dánta, amhráin (múin amhrán a bheadh ar eolas ag na tuismitheoirí).
(c) B’fhéidir go bhféadfadh na tuismitheoirí a bheith páirteach san obair – ag léamh scéal as Gaeilge do na daltaí sa chúinne leabharlainne, mar shampla, nó ag éisteacht le scéal as Gaeilge ar CD leis na daltaí.
(d) Mínigh dóibh go bhfuil ról fíorthábhachtach ag tuismitheoirí chun tacú le foghlaim na bpáistí ar cibé bealach is féidir leo. Beidh na tuismitheoirí ag iarraidh go mbeidh gach rath ar a bpáistí, agus beidh áthas orthu nuair a chloisfidh siad na torthaí – fad is nach mbíonn strus ar na páistí.