Céilí SNAG agus Bácáil

| Scrios

Céilí agus Cáca ag tús Sheachtain na Gaeilge – 10ú Márta 2017

Bhí sár báicéirí na scoile amuigh ar an 10ú lá de mí Mhárta agus cácaí álainn déanta acu. B’é téama an chomórtais ná Seachtain na Gaeilge agus bhí duaiseanna faighte againn do na buaiteoirí. Bhí suirbhé againn ar líne a bhí ar na scoláirí a líonadh mach agus aid ag dul timpeall ag déanamh moltóireacht. Bhí sé seo go maith mar bíonn ár dtaibléidí againn an t-am ar fad. Ansin tar éis sos agus píosa cáca, bhí céilí ar siúl, chuir muid tús leis an ócáid le Ballaí Luimní. D’fhoghlaimíomar go léir na céimeanna, agus ansin bhí seans againn triail a bhaint as ar fad le chéile. Bhí an-spraoi go deo againn ar fad ag déanamh ‘An Dreoilín’ le chéile, agus ba léir go raibh sé déanta ag duine nó beirt cheana! Chomh maith, mhúin Hannah, Darragh, Aoife, agus Angela damhsa nua dúinn freisin. Díoscó Pógó an t-am atá ar an damhsa seo! Ba thús iontach é seo do Sheachtain na Gaeilge a bhí ann, cinnte. Beimid go léir ag súil le seans eile a fháil na céimeanna nua a chleachtadh arís. Bhí an sceitimíní ar n a scolairí agus ag deireadh an gcéilí dúirt an cathaoirleach Gráinne leis an scoil céard iad na himeachtaí a bhí ar siúl don chuid eile den seachtain!
Slán go fóill!