Corpideachas as Gaeilge

| Scrios

Shocraigh muid ar ranganna coirpoideachais a thógáil trí Ghaeilge d’ár mór-imeacht. Shocraigh muid ar na ranganna a ghlacadh leis an chéad bhliain toisc go bhfuil siad an-díograiseach agus tá suim mór acu sa Ghaeilge. D’eagraigh muid cluichí sacair agus ar dtús, bhí ar gach foireann teacht aníos le ainm. ar nós ‘Seá buachaill’ nó ‘Cuala Bualadh’. Rinne muid liosta de na ‘Buzz Fhocail’ ar nós ‘sin cic saor’, ‘ah réiteoir’ agus ‘tabhair dom an liathróid’.

Rinne gach duine sár-iarracht Gaeilge a úsáid agus ar deireadh, thug muid milseáin don Ghaeilgeoir ab fhearr. Bhain gach duine taitneamh as an rang agus bhí siad fós ag labhairt Gaeilge tar éis an ranga.