Cur Síos

Is scéim spreagtha í Gaelbhratach a thacaíonn le scoileanna atá ag iarraidh labhairt na Gaeilge a chur chun cinn. Tá an scéim oscailte do bhunscoileanna agus d’iar-bhunscoileanna. Bronntar Gaelbhratach ar scoileanna tar éis dóibh spriocanna éagsúla a bhaint amach. Príomhaidhm na scéime ná labhairt na Gaeilge a chur chun cinn agus a chothú i measc phobal uile na scoile.

Is é Gael Linn atá i mbun na scéime le cúnamh ó Chonradh na Gaeilge agus Glór na nGael.

Tá Gaelbhratach maoinithe ag Foras na Gaeilge le tacaíocht ón Roinn Oideachais.

Ceisteanna Coitianta

Ní brat eile! An mbeidh a lán obair bhreise i gceist leis? +

Deirtear linn go minic go dteastaíonn cabhair agus tacaíocht ó mhúinteoirí chun spreagadh a thabhairt do pháistí an Ghaeilge atá foghlamtha acu a úsáid i ngnáthchomhrá laethúil. Cuireann an scéim seo an chabhair agus an tacaíocht sin ar fáil.
Tá cur chuige Gaelbhratach bunaithe ar na téamaí agus na feidhmeanna teanga sa chúrsa cainte Gaeilge don bhunoideachas.  

Mar sin, níor chóir go mbeadh níos mó ama ná obair bhreise i gceist leis an scéim seo agus ba chóir go gcabhródh sé go mór atmaisféar dearfach i leith na teanga labhartha a chothú. 
Úsáidfear an Ghaeilge atá na daltaí ag foghlaim i gcluichí (Spreag an Ghaeilge le Spraoi mar shampla) agus ar bhealach spraíúil. Beidh na ranganna sin taitneamhach, agus beidh an dul chun cinn sultmhar do na daltaí agus do na múinteoirí.  

Éireoidh leis an teagasc – an chéad chéim den timthriall foghlama: Múin/Foghlaim Úsáid Sásamh Múin/Foghlaim 

Beidh an Ghaelbhratach féin le feiceáil go soiléir sa scoil, ag léiriú go poiblí, le bród, go mbíonn an Ghaeilge á húsáid ag an scoil seo. 

”Cad a bheidh difriúil?” +

Cuirfidh an modúl feasachta teanga tacaíocht ar fáil, ar bhealach nua, agus cuirfear béim ar: 
Frásaí, nathanna agus abairtí roghnaithe don rang comhrá Gaeilge le gur féidir leis na daltaí cibé atá siad ag iarraidh a rá i nGaeilge. 
Beidh réamhphleanáil i gceist le go mbeidh aon Ghaeilge a bhíonn á teagasc, áhúsáid. Go bhfuil frásaí nua á gcur leis an méid atá acu cheana féin agus go mbeidh an obair ag dul ar aghaidh i mbealach a chinntíonn go mbíonn eolas agus úsáid na Gaeilge carnach. Beidh gach frása/focal ag cur leis an méid atá ar eolas acu cheana féin seachas á chur ina áit. 
Beidh spreagadh á thabhairt do na daltaí an Gaeilge a d’fhoghlaim siad a úsáid i rith an lae. 
Moltar do mhúinteoirí úsáid a bhaint as na frásaí nua iad féin, chomh maith le frásaí simplí ar nós: Más é do thoil é/le do thoil; go raibh maith agat; tá sé sin go deas; gabh mo leithscéal; cá bhfuilsrl. Moltar é sin nuair atá aon teanga á teagasc (Féach ar an Tionscadal Píolótach ar Nuatheangacha sa Bhunscoil, CNCM, 2000 mar shampla) 
Beidh roinnt de ghnáthnósanna an tseomra ranga a dhéanamh i nGaeilge m.sh. 
“Is gearr go mbeidh sé in am dul abhaile. Caithfimid an seomra a ghlanadh.” 
“Is gearr go mbeidh sé in am don rang corpoideachais. Caithfimid críoch/deireadh a chur leis an obair sin anois agus seasamh sa líne.” 
“Fáilte romhaibh chuian Tionól ar maidin.” Ba chóir don tionól leanúint i mBéarla go dtí go dtagann deiseanna eile chun cinn le frásaí nó amhráin Ghaeilge a úsáid. Ba chóir deireadh a chur leis an tionól trí mheán na Gaeilge, leis an méid Gaeilge ag ardú agus frásaí nua á bhfoghlaim. 
I rith rang ceoil mar shampla, “Canfaimid Déirín Dé/Beidh Aonach Amárach anois” “Caithfimid éisteacht go cúramach chun an nóta/an veidhlín/pianó a chloisteáil.” “Éistigí leis an gceol agus comhairigí na buillí  a haon, a dó…” 
Bí i d’eiseamláir do na paistí agus labhair Gaeilge tú féin le do chuid comhghleacaithe, an Príomhoide agus leis na tuismitheoirí (m.sh in Tacábhar. Céimeanna Beaga. FNT 2006). 
B’fhéidir go dtiocfadh le roinnt fógraí ar an idirchum bheith i nGaeilge m.sh. “Tá sé ag cur báistí inniu agus ní féidir dul amach sa chlós ag am lóin.” 
I roinnt scoileanna tugtar greamáin do dhaltaí nuair a chloistear iad ag caint as Gaeilge. 
Tá sampla de chomhrá ar lc13 den Tacábhar. 

“How do we get involved?” +

(a) The school enters the scheme provided the staff agrees with the idea.

(b) There are two stages:

(i) Initially a Teastas/ certificate will be awarded after 1 year when certain targets are achieved.

(ii) The Gaelbhratach is presented after 2 years when the relevant criteria indicating that Irish is used throughout the school have been achieved.

“Ach níl mé ró-mhuiníneach as mo chuid Gaeilge/tá mo chuid gramadaí uafásach/tá foghraíocht dhifriúil agam. Cén áit ar féidir liom cabhair a fháil? Cad is féidir liom a dhéanamh?” +

Tosaigh ag éisteacht le do comhghleacaithe ag labhairt as Gaeilge, m.sh na frásaí atá leagtha amach sa plean scoile.
Faigh comhghleacaí chun cabhrú leat mura bhfuil tú cinnte faoi fhoghraíocht nó foclaíocht.
Tá sé ina chuidiú mór má éisteann tú leis an nuacht laethúil i mBéarla ar dtús agus ansin i nGaeilge. Agus tú ag éirí níos fearr is féidir leat éisteacht leis an nuacht as Gaeilge ar dtús agus ansin i mBéarla – más gá.
Éist le Gaeilge ar dlúthdhioscaí agus déan athrá ar an méid a chloiseann tú, ag tosú le abairt nó dhó (amharc ar Céimeanna Beaga. FNT 2006), scéalta, rannta, amhráin, srl. Is féidir leat é sin a dhéanamh sa charr nó agus nuair atá tú amuigh ag siúl.
Éist le RTÉ Raidió na Gaeltachta/TG4.
Úsáid frásaí atá ar eolas agat cheana féin: ”Más é do thoil é; go raibh maith agat; gabh mo leithscéal; ó féach air sin; tá sé go hálainn; cá bhfuil an…?“srl.
Tá níos mó Gaeilge agat ná mar a cheapann tú.
(B’fhéidir gur gá duit na frásaí a rá os ard le cleachtadh a fháil ar thú féin a chloisteáil ag caint as Gaeilge. Moltar é seo do theangacha go ginearálta. Cuideoidh sé seo le do chuid muiníne.)
Ní bheidh gach duine ag tosú ag an leibhéal céanna, ach bíonn an-sásamh ag baint le dul chun cinn fiúntach.
N.B. Cuimhnigh go bhfuil frása i nGaeilge le focal Béarla – “An bhfuil cead agam folder a fháil?” i bhfad níos fearr nó frása/abairt i mBéarla le focal Gaeilge – “Can I get my fillteán?”.
Seans go mbeadh suim agat i gcúrsa Gaeilge TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge). Féach ar www.teg.ie.

“Cén fáth ar chóir Gaeilge a theagasc trí Ghaeilge? Nach bhfuil sé níos éasca rudaí a mhíniú i mBéarla?” +

(A) Ar an iomlán tá sé níos éifeachtaí an sprioctheanga a úsáid, is cuma cén teanga atá á teagasc.

(B) Beidh an fhoghlaim níos tapúla amach anseo.

(C) Caithfidh muid cabhrú leis an bhfoghlaimeoir smaoineamh sa sprioctheanga. Má choimeádann muid ag aistriú dóibh beidh sé níos deacra orthu é sin a dhéanamh.

(D) Má dhéanann tú nós d’ábhar a aistriú, ní bheidh na daltaí ag éisteacht leis an rud a deir tú sa sprioctheanga – fanfaidh siad ar an aistriúchán.

(E) Ní dhéanfaidh siad aon iarracht an t-ábhar a thuiscint, agus gan aon iarracht ní bheidh aon fhoghlaim.
Tá sé riachtanach go gcloisfidh na daltaí thú ag labhairt Gaeilge chomh minic agus is féidir i rith an cheachta Gaeilge: ar dtús thart ar 40% den am, ag ardú de réir a chéile go dtí thart ar 70% agus ar deireadh 100% den am.

“Ach ní thuigfidh siad.” +

(A) Ní gá dóibh gach uile fhocal a thuiscint. Tá sé go breá má tá siad in ann an bhrí ghinearálta a thuiscint.

(B) Cuimhnigh nach féidir gach uile fhocal a aistriú focal ar fhocal ó theanga amháin go dtí ceann eile. 

(C) Is féidir cuid mhór a rá trí g
hlór, gothaí gnúise agus comharthaí. 

(D) Is féidir ábhar a mhíniú trí ghníomhaíochtaí, comharthaí, pictiúr
, srl., a úsáid, m.sh. le barr na fuinneoige a mhíniú, taispeáin –an fhuinneog– féin agus ansin taispeáin an barr, agus mínigh gurb é sin “barr na fuinneoige”. 

(E) Uaireanta b’fhéidir go mbeadh sé níos éifeachtaí tagairt a dhéanamh don téarma Béarla, 
ACH sa chás seo déan cinnte an téarma Gaeilge a rá roinnt mhaith uaireanta i ndiaidh an téarma Béarla a úsáid. Deimhneoidh sé sin go mbeidh an téarma Gaeilge cloiste acu ar deireadh, agus fanfaidh sé leo. 

(F) 
Úsáid an frása/abairt/nath nua i gcomhthéacs le cabhrú leis na daltaí an bhrí agus an chiall atá leis a thuiscint. 

“I have pupils in my class with special needs” +

As with all pupils each child’s need is different. However it may not be necessary to exclude pupils with special needs from Irish classes. It is a great pity to exclude them from an important element of their culture when very many could enjoy some at least of the work in an oral Irish lesson.

(a) Usually pupils with special needs can sing, learn and enjoy Irish songs and rhymes.

(b) The regularity and certainty of routines, language formulae and functions helps them.

(c) In this scheme we are dealing with conversational Irish and many pupils with special needs, can learn to speak Irish.

(d) When using board/ reading games they should be appropriate and compatible with the pupil’s level of ability in the language.

(e) There would also be a place in sketches/ drama for all pupils in a class.

“I have many immigrant pupils in my class” +

It is necessary to recognize the home- language of the pupils (Language Matters). On the whole they will not experience difficulties learning Irish if the home is supportive of the idea. It is necessary to take account of the class level, the age and the linguistic experience of the pupils.

Acknowledge the home language of immigrants.

“Cad a déarfaidh na tuismitheoirí”? +

(A) Parents should be informed of the Gaelbhratach Scheme from the start See Language Awareness).

(B) Send material home – Phrases, stories on CDs, rhymes, poems, songs – (Teach a song that the parents would know.)

(C) Perhaps the parents could participate in the work – reading a story in Irish to the pupils in the library corner for example, or sitting and listening to an Irish story on a CD with the pupils.

(D) Explain the important role the parents play in supporting the children in any way they can. Parents will wish the best for their children and they will be happy when they hear the results – as long as the children are not stressed.

 

 

Gaelbhratach – Bunleibhéal

Tá an scéim dírithe ar bhunscoileanna ina múintear trí mheán an Bhéarla, chun labhairt na Gaeilge a chur chun cinn.

Is iad príomhchuspóirí na scéime ná:

  • tacú leis an obair a dhéanann múinteoirí chun spriocanna foghlama Churaclam Teanga na Bunscoile a bhaint amach i gcomhar le plean oifigiúil na scoile
  • comhrá Gaeilge neamhfhoirmeálta a spreagadh mar chuid nádúrtha de shaol na scoile
  • go mbeidh foirmlí teanga aontaithe sa phlean scoile agus iad in úsáid sna ranganna ar fad
  • deiseanna rialta a chur chun cinn a mhéadóidh foclóir agus úsáid na Gaeilge i measc phobal na scoile, idir mhúinteoirí agus daltaí
  • ról lárnach na dtuismitheoirí a aithint agus tacaíocht chuí a chur ar fáil dóibh

Cur Chuige

Is féidir le scoileanna iarratas a chur isteach anseo. Nuair atá an fhoirm iarratais líonta agus seolta ar ais chugainn cuirfear an scoil ar an liosta feithimh. Faoi láthair, ní féidir linn glacadh ach le líon teoranta scoileanna nua gach bliain.

Nuair a ghlacfar le scoil, cuirfidh Gaelbhratach dhá cheardlann ar fáil d’fhoireann na scoile. Tabharfar léargas ar chúlra, ar struchtúr agus ar chritéir mheasúnaithe na scéime sa chéad cheardlann. Sa dara ceardlann, tabharfar smaointe praiticiúla do mhúinteoirí ar conas labhairt na Gaeilge a spreagadh mar chuid nádúrtha de shaol na scoile le cabhrú leis na spriocanna.

Tá an scéim roinnte in dá chuid ó thaobh oibre de – Roinn A agus Roinn B.

  • Baineann Roinn A le bunriachtanais na scéime.
  • Baineann Roinn B le roghnú spriocanna as liosta gníomhaíochtaí.

Measúnú

Is scéim fhéinmheasúnaithe í Gaelbhratach. Tá critéir áirithe le comhlíonadh, áfach, le cinntiú go ndírítear ar labhairt na Gaeilge agus go gcloítear le hardchaighdeán na scéime. Baineann dhá phríomhghné leis an measúnú:

  • an blag
  • fillteán féinmheasúnaithe

Ní mór do scoileanna fianaise a uaslódáil a thugann léargas ar labhairt na Gaeilge i measc na ndaltaí ar a laghad 3 huaire le linn na scoilbhliana. Tá an blag cosanta ag pasfhocal agus níl rochtain ag aon duine air seachas múinteoirí atá ag glacadh páirt sa scéim. Ba cheart léargas soiléir, cuimsitheach a thabhairt ar iarrachtaí na scoile i leith na spriocanna.

An tacaíocht atá ar fáil

Cuirtear eolas, naisc agus ábhair thacaíochta ar fáil go rialta ar an suíomh. Tugtar cuairteanna tacaíochta ar scoileanna de réir mar is cuí le linn na scoilbhliana.

Gaelbhratach – Iar-bhunscoil

Is scéim í Gaelbhratach a thugann aitheantas do scoileanna a ghníomhaíonn le húsáid na Gaeilge agus feasacht ar an teanga a chur chun cinn tríd an scoil ar fad agus lasmuigh di. 10 bhfáth gur fiú don scoil páirt a ghlacadh:

  1. Spreagfaidh Gaelbhratach úsáid na Gaeilge sa scoil ina hiomláine
  2. Cuirfidh Gaelbhratach le híomhá dhearfach na Gaeilge sa scoil agus i measc an phobail lasmuigh di
  3. Ardóidh Gaelbhratach feasacht i measc na ndaltaí ar shaol na Gaeilge lasmuigh den scoil
  4. Beidh níos mó spéise ag na daltaí sa Ghaeilge
  5. Spreagfaidh Gaelbhratach ceannaireacht i measc na ndaltaí
  6. Cumasófar na daltaí le gníomhú le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil
  7. Cruthóidh Gaelbhratach gréasán oibre idir na daltaí, na múinteoirí agus ceannasaíocht na scoile
  8. Beidh a fhios ag na daltaí agus ag foireann na scoile go bhfuil spéis faoi leith ag an scoil sa Ghaeilge agus cur chun cinn úsáid na Gaeilge
  9. Beidh an scoil páirteach sa ghluaiseacht náisiúnta le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn
  10. Nuair a chomhlíonfar na céimeanna go sásúil bronnfar Gaelbhratach ar an scoil tar éis bliana. Beidh sé mar chomhartha aitheantais don obair ar fad atá déanta ag an scoil le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn go gníomhach. Is próiséas leanúnach é seo; mar sin, moltar tabhairt faoin scéim gach bliain féachaint leis an nGaeilge a chur chun cinn ó bhliain go bliain. Moltar gan dabht tabhairt faoi imeachtaí agus gníomhaíochtaí nua gach bliain.

Má tá scoil le tabhairt faoin scéim seo, ní mór do struchtúr na scoile ar fad a bheith tiomanta don Ghaelbhratach a bhaint amach:

  • Daltaí
  • Foireann – Múinteoirí & Baill foirne eile
  • An Bord Bainistíochta
  • Coiste na dTuismitheoirí

Cuspóirí “Gaelbhratach” don dalta:

  • Go spreagfar agus go gcumasófar an dalta le bheith páirteach go gníomhach in úsáid na Gaeilge agus feasacht ar an teanga a chur chun cinn sa scoil
  • Go spreagfar agus go gcumasófar an dalta le feidhmiú go gníomhach mar cheannaire agus le scileanna eagrúcháin a fhoghlaim
  • Go mbeidh an dalta níos muiníní agus níos tiomanta chun úsáid a bhaint as an nGaeilge, ní mar ábhar scoile nó teanga scoile amháin, ach mar rogha teanga go forleathan ina shaol pearsanta
  • Go mbeidh feasacht níos fearr ag an dalta ar dheiseanna úsáidte na Gaeilge lasmuigh den scoil

Cuspóirí “Gaelbhratach” don mhúinteoir:

  • Go mbeidh cúnamh agus tacaíocht ghníomhach ar fáil don mhúinteoir ó na daltaí le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn sa scoil
  • Mar thoradh ar an obair ar fad: beidh na daltaí níos spreagtha leis an nGaeilge a fhoghlaim
  • Go mbeidh an múinteoir nasctha le córas náisiúnta le húsáid na Gaeilge a chur chun cinn agus go mbeidh tacaíocht ann don mhúinteoir dá bharr.
  • Go spreagfar múinteoirí na scoile lena thuilleadh úsáide a bhaint as an nGaeilge agus go mbeidh níos mó feasachta acu ar an teanga