Téarma Gnóthach!
A chairde,
A leithéid de chúpla seachtain! Bhí ceilithe móra againn le linn seachtain na Gaeilge, chomh maith le cúpla ceolchoirm leis na bliangrúpaí difriúla.
Ansin, bhí feachtas ceannaithe leabhar againn. Chaith cúpla rang beagnach míle eoró ar leabhar Gaeilge Nua, agus tá muid anois ag déanamh iarrachta cúpla leathanach dár leabhair Gaeilge nua a léamh gach oíche. Bhí sé iontach ag oscailt na boscaí nua de Dónall Dána, an Cúigear Cróga, an Garbhán, An Billiúnaí Beag is araile. Molann muid go mór na leabhair seo a leanas: Smuf, Cúpla, Tromluí, Anonn go dtí an Oileán Úr, Pincí sa Ghaeltacht, Daideo agus An bhfaca Éinne agaibh Roy Keane?
Chuaigh muid go Glaschú thar oíche agus ansin, trí Loch Lomond, go Gleann Có agus go Gleann Fionnán chun droichead Harry Potter a fheiceáil!! As go brach linn ansin go dtí an Oileán Scítheanach ar feadh sé lá i mbliana agus bhí sé dochreidte maith. D’fhoghlaim muid go leor Gaidhlige, bhí muid i bPáirc Nam Laoch mar lucht tacaíochta ag cluiche camanachd, chonaic muid cuid mhór den oileán (Balamory san áireamh, cé gur bhréag a bhí ann!!), rinne muid ranganna fianadóireachta agus ceardlann sna meán chumarsáide i Sabhal Mór Ostaig, agus ar ndóigh, bhuail muid arís lenár gcara Iain Mac Leod i gCaisléan Eilean Donan. Bhuail muid freisin le John agus Anne in ionad Whitewave, áit a bhfaca muid Caisleán Duntulm (sa ghriangraf), Bodach an Storr, Kilt Rock agus ‘the Lump’ i bPort Rí.
Agus sin gan trácht ar an gcéilí & ceolchoirm a bhí againn lenár gcairde sa scoil anns a’Phloc!! Tá muid uilig ag súil le Skye 2018 cheanna féin!!
Tráth na gCeist eile ag tarlú ar an gCéadaoin leis na scoileanna eile sa cheantar, chomh maith le ceol traidisiúnta le ceoltóirí ó na scoileanna difriúla.
Seans go ndéanfaidh muid taifeadadh air, agus é a chur ar ár gclár Raidió le Dundalk FM i Mí Bealtaine.
Coinnigí an tine lasta a chairde, agus bainigí sult as an samhradh!
Coiste GB Naoimh Uinseann!