Fúinn

hero-curve

Scéal Gaelbhratach

Bunaíodh an scéim Gaelbhratach mar fheagairt ar an ngá atá ann le deiseanna nádúrtha a chruthú chun an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh den seomra ranga agus den cheacht Gaeilge féin. Cuireadh tús oifigiúil leis an scéim sa scoilbhliain 2012/13 ag an mbunleibhéal agus bliain níos déanaí ag an iar-bhunleibhéal. Ó shin i leith, tá an scéim i ndiaidh dul i bhfeidhm ar gach saghas scoile ar fud na tíre – ó scoileanna uirbeacha agus tuaithe ina bhfuil gá le beocht a athchur sa teanga iontu, go Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta ina bhfuil sí mar phríomhtheanga laethúil.

Táimid faoi chomaoin an iliomad daoine a thacaigh agus a chuir le forbairt Gaelbhratach thar na blianta – ár n-urraitheoirí Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, na ceanneagraíochtaí Gaeilge eile, agus na céadta múinteoirí agus daltaí a a chuireann croí agus anam s’acu isteach i gcur chun cinn na Gaeilge chuile lá.

Agallaimh

What is Gaelbhratach

Bunaíodh an scéim Gaelbhratach mar fheagairt ar an ngá atá ann le deiseanna nádúrtha a chruthú chun an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh den seomra ranga agus den cheacht Gaeilge féin. Cuireadh tús oifigiúil leis an scéim sa scoilbhliain 2012/13 ag an mbunleibhéal agus bliain níos déanaí ag an iar-bhunleibhéal. Ó shin i leith, tá an scéim i ndiaidh dul i bhfeidhm ar gach saghas scoile ar fud na tíre – ó scoileanna uirbeacha agus tuaithe ina bhfuil gá le beocht a athchur sa teanga, go Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta ina bhfuil sí mar phríomhtheanga laethúil.

Táimid faoi chomaoin ag an iliomad daoine a thacaigh agus a chuir le forbairt na sceime Gaelbhratach thar na blianta – ár n-urraitheoirí Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, na ceanneagraíochtaí Gaeilge eile, agus na céadta múinteoirí agus daltaí a a chuireann croí agus anam isteach i gcur chun cinn na Gaeilge chuile lá.

image
gallery-top