Polasaí Príobháideachais

hero-curve

Tá Gael Linn tiomanta do na sonraí pearsanta a roinneann tú linn a choinneáil slán sábháilte. An t-aon chúis a mbailíonn muid eolas pearsanta fút (ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhir fóin) ná chun cibé gnó atá agat linn a chomhlíonadh, más é sin chun páirt a ghlacadh sa scéim Gaelbhratach nó suim a léiriú sa scéim. Úsáidtear do chuid sonraí pearsanta don chuspóir sin amháin agus ní roinneann muid an t-eolas le dream ar bith eile. Coinníonn muid an t-eolas chun an gnó a chomhlíonadh agus ar feadh tréimhse ghairid i ndiaidh aon bheartais, ar eagla go dtiocfadh aon fhadhb chun cinn.

Tá sé de cheart agat de réir dlí a iarraidh an gcoinníonn muid aon eolas pearsanta fút agus, más amhlaidh a choinníonn, cén t-eolas é agus cén fáth a bhfuil sé á choinneáil/úsáid againn. Tá sé de cheart agat freisin iarratas a dhéanamh go scriosfaí an t-eolas sin, más é sin is mian leat.