Spléachadh ar an Scéim
Próiseas
2
Ar bordAr bord
Tá liosta feithimh i bhfeidhm chun páirt a ghlacadh sa scéim, mar sin d’fhéadfadh an scoil a bheith ag fanacht ar feadh tamaill sula mbeidh spás ar fáil. Déanfar teagmháil leat a luaithe is atá áit ar fáil don scoil chun tús a chur leis an bpróiseas. Is ag an stad seo atá an scoil ‘ar bord’.
×3
CeardlannCeardlann
Nuair a ghlacann an scoil leis an spás a ofráladh dóibh, cuirfear ceardlann(a) ar fáil don fhoireann chun comhthéacs, struchtúr agus spriocanna na scéime a mhíniú. Tabharfar neart samplaí agus smaointe praiticiúla le cinntiú go dtosaíonn an scoil amach ar an mbóthar ceart.
×4
TacaíochtTacaíocht
Tá foireann Gaelbhratach ar fáil i gcónaí chun tacú leis na scoileanna atá páirteach, bíodh sé sin i bhfoirm glaochanna fóin, cuairteanna fíorúla/pearsanta nó thar ríomhphoist. Anuas air sin, cuirtear ceardlanna ar fáil tríd na hionaid oideachais agus bíonn ábhair praiticiúla á roinnt go rialta ar na meáin shóisialta.
×5
FéinmheasúnúFéinmheasúnú
Tá struchtúir agus spriocanna ag baint leis an scéim seo ar ndóigh ach fágtar faoi na scoileanna féin a gcuid dul chun cinn a mheas. Bíonn cúinsí difriúla i gceist in scoileanna éagsúla agus tosaíonn siad ar fad amach le haidhmeanna pearsanta. Ní dhéantar comparáid idir scoileanna ariamh agus ní bhíonn iomaíocht ar bith i gceist. Bíonn gach aistear éagsúil.
×6
GaelbhratachGaelbhratach
Bronntar bratach ar na hiarbhunscoileanna gach bliain má mheastar go bhfuil na spriocanna bainte amach acu ag leibhéal sásúil. Bíonn dhá bhliain ag teastáil ag an mbunleibhéal chun na spriocanna a chur ar siúl mar is ceart agus chun difear suntasach go leor a fheiceáil. Bíonn bunscoileanna i dteideal an bhratach sin a athnuachan gach dara bliain ina dhiaidh sin.
×Acmhainní
Bíonn foireann Gaelbhratach i gcónaí ag cuardach, ag cruthú agus ag roinnt smaointe a chabhraíonn le comhrá Gaeilge a spreagadh. Gheobhaidh sibh anseo roinnt samplaí ónár gcuntas YouTube nó leathanach Pinterest. Tá fáilte romhaibh an t-ábhar a úsáid, a íoslódáil agus a roinnt.