Gaelbhratach
Is scéim spreagtha í Gaelbhratach a thacaíonn le scoileanna atá ag déanamh iarrachta an Ghaeilge a chur chun cinn. Tá an scéim oscailte do scoileanna de gach saghas ag leibhéal bunscoile agus iarbhunscoile. Bronntar Gaelbhratach ar scoileanna tar éis dóibh spriocanna éagsúla a bhaint amach. Baineann na spriocanna le ceol, ealaín, sport, páirt a ghlacadh in imeachtaí/ imeachtaí a eagrú agus go leor eile. Is í príomhaidhm na scéime ná cultúr de labhairt na Gaeilge neamhfhoirmiúil a chruthú agus a chothú i measc phobal na scoile agus eile.
Is é Gael Linn atá i mbun reachtáil na scéime le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus Glór na nGael.
Tá Gaelbhratach maoinithe ag Foras na Gaeilge.

“”
Is scéim iontach é. Baineann na páistí úsáid as an Gaeilge ar bhealach difriúil ná roimhe seo. Chomh maith le sin, baineann na múinteoirí úsáid as an teanga i níos mó ná an rang Gaeilge. Tá sé beo sa lá ar fad ar scoil!

“”
Is scéim an-fhiúntach ar fad í an Gaelbhratach. Ó thosaíomar ag tabhairt faoin scéim tá feabhas mór tagtha ar chaighdeán Gaeilge na scoile. Is teanga bheo í an Ghaeilge sa scoil anois. Baineann an scoil go léir taitneamh as agus tá dearcadh níos dearfaí ag gach éinne ó thaobh an Ghaeilge de.
