Fúinn

🌱  Spreagadh na Gaeilge

🌿  Saibhriú na Gaeilge

🌳  Saol trí Ghaeilge

hero-curve

Scéal Gaelbhratach

Bunaíodh an scéim Gaelbhratach mar fheagairt ar an ngá atá ann le deiseanna nádúrtha a chruthú chun an Ghaeilge a labhairt taobh amuigh den seomra ranga agus den cheacht Gaeilge féin. Cuireadh tús oifigiúil leis an scéim sa scoilbhliain 2012/13 ag an mbunleibhéal agus bliain níos déanaí ag an iar-bhunleibhéal. Ó shin i leith, tá an scéim i ndiaidh dul i bhfeidhm ar gach saghas scoile ar fud na tíre – ó scoileanna uirbeacha agus tuaithe ina bhfuil gá le beocht a athchur sa teanga iontu, go Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta ina bhfuil sí mar phríomhtheanga laethúil.

Tá Gaelbhratach á reáchtáil ag Gael Linn le maoiniú ó: Foras na Gaeilge, An Roinn Oideachais, An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, tríd an Crannchur Náisiúnta agus an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge.

 

Cad é Gaelbhratach?

Tugtar tacaíocht do scoileanna ar fud na tíre an Ghaeilge a chur chun cinn, trí chumarsáid leanúnach, áiseanna a chruthú agus a chur ar fáil, agus tograí éagsúla.

Cuirtear traenáil ar fáil do choistí chun imeachtaí a reáchtáil dá gcomhdhaltaí agus do phobal iomlán na scoile araon, agus cur chun cinn na Gaeilge mar phríomhsprioc. 

Nuair atá spriocanna ar leith bainte amach ag an scoil, bronntar Gaelbhratach orthu le crochadh go bródúil ar shuíomh na scoile.

Is leis na daltaí an scéim: na smaointe, an pleanáil agus na torthaí.

image

Gailearaí

gallery

Mórcheardlanna – IBL 2024

Cliceáil anseo
gallery

Sosanna Spleodracha leis an IHF

Cliceáil anseo
gallery

Is féidir linn

Cliceáil anseo
gallery

Bronnadh Bunleibhéil

Cliceáil anseo
gallery

Bronnadh Iarbhunleibhéil

Cliceáil anseo