Ceisteanna Coitianta ar an Gaelbhratach


  • “Not another flag! Will this involve a lot of extra work”?

    (a) Deir múinteoirí linn gur mhaith leo cabhair agus tacaíocht chun na páistí a spreagadh leis an nGaeilge a fhoghlaimíonn siad a úsáid i ngnáthchomhrá laethúil. Cuirfear an tacaíocht sin ar fáil tríd an scéim seo.
    (b) Tá an cur chuige don Ghaelbhratach seo bunaithe ar Chúrsa Comhrá Gaeilge Curaclam na Bunscoile idir Théamaí agus Fheidhmeanna Teanga. Mar sin níor chóir go mbeadh breis ama nó oibre i gceist ach breis úsáide don Ghaeilge a mhúintear/a fhoghlaimítear.
    (c) Cabhróidh cluichí agus spraoi leis na páistí an Ghaeilge a fhoghlaimíonn siad a úsáid (Féach m.sh. Spreag an Ghaeilge le Spraoi). Beidh na ranganna taitneamhach. Bainfidh na daltaí agus na múinteoirí sásamh as an dul chun cinn.
    (d) Beidh toradh rathúil ar an múinteoireacht – an chéad chéim sa bhfoghlaim!
    (e) Beidh an Gaelbhratach le feiceáil ar foluain ag an scoil ina ábhar mórtais – ag léiriú go poiblí go n-úsáidtear an Ghaeilge sa scoil sin.


  • “What will be different”?

    Tacóidh an clár Feasacht Teanga a mbeidh páistí agus múinteoirí páirteach ann le dlús nua a chur leis an obair le béim ar: Frásaí, nathanna agus abairtí a roghnú don cheacht comhrá Gaeilge a chumasóidh na páistí le go mbeidh siad in ann rudaí a bhfuil spéis acu siúd iontu a rá i nGaeilge.
    Pleanáil ionas go n-úsáidfear an Ghaeilge a fhoghlaimítear; go gcleanglófar frásaí nua lena bhfuil ar eolas cheana agus gur foghlaim carnach a bheidh ann – go gcuirfear aon fhrása nua lena bhfuil ar eolas seachas é a chur in áit na Gaeilge a bhí ann roimhe.
    Spreagfar na páistí chun an Ghaeilge a fhoghlaimíonn siad a úsáid i rith an lae.
    Caithfidh an múinteoir a bheith ina c(h)eannródaí san obair seo ag úsáid na bhfrásaí nua í/é féin chomh maith le frásaí beaga mar “Más é do thoil é/le do thoil; go raibh maith agat; tá sé sin go deas; gabh mo leithscéal… Cá bhfuil…? Seo a mholtar i gcomhthéacs mhúineadh teangacha i gcoitinne. (Féach m.sh. Tionscadal Píolótach ar Nuatheangacha sa Bhunscoil, CNCM 2000)
    Bainfear úsáid as an nGaeilge chun cuid de na gnásanna a tharlaíonn go rialta a chur i gcrích trí Ghaeilge m.sh. “Is gearr go mbeidh sé in am dul abhaile.” “Caithfimid an seomra a ghlanadh.” “Is gearr go mbeidh sé in am don rang corpoideachais”. “Caithfimid críoch/deireadh a chur leis an obair sin anois agus seasamh sa líne.”
    “Fáilte romhaibh ag an Tionól ar maidin.” Is féidir leanacht i mBéarla ina dhiaidh sin go dtagann deis eile chun frása/amhrán… Gaeilge a úsáid. Cuir críoch leis an Tionól i nGaeilge agus bí ag cur leis an méid Gaeilge a úsáidtear de réir mar a fhoghlaimítear frásaí nua.
    Ag rang ceoil m.sh. “Canfaimid Déirín Dé; Beidh Aonach Amárach… anois.” “Caithfimid éisteacht go cúramach chun an nóta/
    an veidhlín/ pianó a chloisteáil” nó “Éistigí leis an gceol agus comhair na buillí – a haon, a dó …”
    Tabhair dea-shampla do na páistí trí labhairt i nGaeilge tú féin le do chomhghleacaithe/ leis an bPríomhoide/ le tuismitheoirí de réir mar a oireann. (Féach samplaí sa Tacábhar bunaithe ar ábhar as Céimeanna Beaga, FNT 2006)
    B’fhéidir gur i nGaeilge a bheadh cuid de na fógraí ar an ngléas idirchumarsáide – cinn a bheadh ann go rialta m.sh “Tá sé ag cur báistí inniu agus ní féidir dul amach sa chlós ag am lóin.”
    Tugann roinnt scoileanna ticéad beag/greamán don pháiste a chloistear ag labhairt Gaeilge. Is féidir leas a bhaint as na ticéid chun a bheith páirteach i gcrannchur mar shampla. Féach comhrá samplach Tacábhar.


  • “How do we get involved”?

    (a) Cuireann an scoil isteach ar an scéim má aontaíonn an fhoireann leis an smaoineamh.
    (b) Tá dhá chéim, i gceist:
    (i) Ar dtús bronnfar teastas tar éis bliana nuair a bhíonn spriocanna áirithe bainte amach.
    (ii) Bronnfar an Ghaelbhratach tar éis 2 bliain nuair a shásaítear critéir a léireoidh úsáid na Gaeilge tríd an scoil.


  • “But I’m not very confident about my Irish/ my grammar is terrible/my pronunciation is different. Where can I turn for help? What can I do”?

    Tosaigh ag éisteacht le Gaeilge á úsáid ag múinteoirí eile m.sh. na frásaí atá roghnaithe ag an scoil mar chuid den phlean.
    Déan socrú le múinteoir eile a chabhróidh leat má bhíonn tú éiginnte faoi fhuaimniú nó rithim abairte.
    Is mór an chabhair í éisteacht le nuacht an lae i mBéarla agus ansin éisteacht leis an scéal céanna ar An Nuacht i nGaeilge.
    Níos déanaí is féidir éisteacht leis an Nuacht i dtosach agus leis an mBéarla de réir mar is gá.
    Éist le Gaeilge ar CDanna agus déan aithris ar a gcloiseann tú, abairt nó dhó mar thús – Féach Céimeanna Beaga, (FNT 2006); Scéalta, Rannta, Amhráin srl. Is féidir seo a dhéanamh sa charr/ amuigh ag siúl… Éist le Raidió na Gaeltachta/TG4. Bain úsáid as na frásaí atá ar eolas agat – “Más é do thoil é; go raibh maith agat; gabh mo leithscéal; ó féach air sin; tá sé go hálainn; Cá bhfuil an…” srl. Is cinnte go bhfuil i bhfad níos mó Gaeilge agat ná mar a cheapann tú. (Ach b’fhéidir gur gá duit na frásaí a chleachtadh os ard chun dul i dtaithí ar do ghuth féin a chloisteáil i nGaeilge. Seo a mholtar i gcúrsaí teanga i gcoitinne. Cabhróidh sé seo go mór leis an misneach). Ní bheidh gach duine ag tosú ón bpointe céanna ach beidh sé an-sásúil dul chun cinn a dhéanamh. N.B. Smaoinigh gur fearr go mór frása Gaeilge le focal Béarla ann – “An bhfuil cead agam folder a fháil?” ná frása/abairt i mBéarla le focal Gaeilge “Can I get my fillteán?”. B’fhéidir go mbeadh suim agat i gcúrsa Gaeilge TEG (Teastas Eorpach)


  • “Why teach Irish through Irish? Isn’t it easier to just explain things in English?”

    (a) Ar an mórchóir bíonn sé i bhfad níos éifeachtaí cloí leis an sprioctheanga is cuma cén teanga a bhíonn á múineadh.
    (b) Foghlaimeofar an teanga níos tapúla i ndeireadh na dála.
    (c) Caithfimid cabhrú leis an bhfoghlaimeoir tosú ag smaoineamh sa sprioctheanga. Dá mhéid aistriúchán a dhéanaimid dóibh is ea is deacra é seo a bhaint amach.
    (d) Má dhéanann tú nós den ábhar a aistriú ní thabharfaidh na páistí aon aird ar an gcéad rud a dhéarfaidh tú, beidh siad ag fanacht ar an aistriúchán.
    (e) Ní dhéanfaidh siad aon iarracht an t-ábhar a thuiscint agus gan iarracht ní bheidh aon rud á fhoghlaim. Is gá go gcloisfeadh na páistí tú ag labhairt Gaeilge oiread agus is féidir sa rang Gaeilge, b’fhéidir 40% den am mar thús, 70% de réir a chéile agus 100% ina dhiaidh sin.


  • “But they won’t understand.”

    (a) Ní gá gach uile fhocal a thuiscint. Bí sásta go bhfuil an bhrí ghinearálta acu mar thús.
    (b) Cuimhnigh nach féidir aistriúchán díreach a dhéanamh ó theanga go teanga.
    (c) Is féidir an-chuid a chur in iúl trí do ghuth, d’aghaidh agus do lámha a úsáid.
    (d) Is féidir brí an ábhair a chur in iúl trí ghníomhaíocht/fearas oiriúnach a úsáid, trí gheáitsíocht, trí mhím, trí líníocht thapa ar an gclár bán/dubh/idirghníomhach, trí phictiúr, trí bhunfhocal a úsáid – m.sh. chun fuinneoige (barr na fuinneoige) a mhíniú – taispeáin ‘an fhuinneog’dóibh nó abair “fuinneog – barr na fuinneoige”.
    (e) Uaireanta bíonn sé níos éifeachtaí an leagan Béarla a thabhairt ach má dhéanann tú é sin bí cinnte go ndeireann tú an focal/frása i nGaeilge cúpla uair ina dhiaidh ionas gurb é seo an leagan a fhanann ar a gcluasa.
    (f) Bain úsáid as an bhfrása/abairt/nath nua i gcomhthéacsanna a thabharfaidh brí agus tuiscint ar úsáid na teanga do na páistí.


  • “I have children in my class with special needs”

    Tá a riachtanais féin ag gach páiste agus is amhlaidh don pháiste le riachtanas speisialta. Ní gá i gcónaí go bhfágfaí as an áireamh iad sna ranganna Gaeilge. Ba thrua nach mbeadh teacht acu ar rud chomh tábhachtach lena gcultúr féin nuair a bhainfeadh go leor acu taitneamh as cuid ar a laghad den obair a bhaineann leis an gceacht comhrá.
    (a) De ghnáth is féidir le páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu amhráin agus rannta Gaeilge a chanadh/a fhoghlaim agus taitneamh a bhaint astu.
    (b) Cabhróidh an rialtacht/ chinnteacht a bhaineann le gnásanna, foirmlí teanga srl. leo.
    (c) Comhrá Gaeilge atá i gceist againn sa scéim seo agus is iomaí páiste le riachtanas speisialta a bheadh in ann do labhairt na Gaeilge.
    (d) Má bhíonn cluichí cláir/ léitheoireachta i gceist is gá an t-ábhar a chur in oiriúint do chumas na bpáistí.
    (e) Bheadh áit freisin i sceitsí/ drámaíocht do gach uile pháiste sa rang.


  • “I have many foreign national children in my class”

    Is gá aitheantas a thabhairt don teanga bhaile ag na páistí seo (Feasacht Teanga) agus ar an mórchóir ní bheidh deacrachtaí acu le Gaeilge má bhíonn tacaíocht bhaile don smaoineamh. Is gá an rang, an aois agus taithí na bpáistí a chur san áireamh. Tabhair aitheantas do theanga bhaile na náisiúnach coigríche.


  • “What will the parents say”?

    (a) Bíodh na tuismitheoirí ar an eolas faoin nGaelbhratach ón tús. Féach Feasacht Teanga.
    (b) Cuir ábhar abhaile – frásaí, scéalta le CDanna, rannta/dánta/amhráin (Múin amhráin a bheadh ar eolas ag na tuismitheoirí).
    (c) B’fhéidir go mbeidh ról acu féin san obair – ag léamh scéalta Gaeilge do na páistí i gcúinne na leabhar m.sh. nó ag éisteacht le scéal ar CD leis na páistí.
    (d) Mínigh an ról tábhachtach atá ag tuismitheoirí ag tacú leis na páistí in aon bhealach gur féidir leo. Beidh na tuismitheoirí ag iarraidh an rud is fearr dá bpáistí agus beidh siad thar a bheith sásta nuair a chloiseann siad an toradh – a fhad is nach mbíonn na páistí faoi strus.