Zón Foghlama

hero-curve
Gheobhaidh tú sraith d’fhíseáin ghairide a dhéanann cur síos ar ghnéithe éagsúla den scéim.
Faoi gach físeán, gheobhaidh tú achoimre den ábhar i bhfoirm pdf
chomh maith le nascanna chuig áiseanna tacaíochta a d’fhéadfadh a bheith cabhrach.

 

Cuirfimid leis an spás seo in imeacht ama.
Ná bíodh drogall ort a chur in iúl dúinn má tá rud éigina d’fhéadfadh a bheith úsáideach/cabhrach duit.
Here you will find a series of short videos describing various aspects of the scheme. Beneath each video, you will find a summary of the content in pdf format as well as links to supporting materials that may be useful.
We will continually add to this space over time.
Please feel free to let us know if there is something you would find helpful

Cad atá le déanamh i mbliana?

Déantar cur síos ar struchtúr na scéime agus cé mhéad sprioc atá déanamh chun an bhratach a thuilleamh. Tá moltaí ann maidir le dea-nósanna a chabhróidh leat an obair a dhéanamh níos éasca agus an brú a laghdú.

Na Meáin Shóisialta

Déantar cur síos anseo ar na meáin shóisialta a bhíonn in úsáid ag Gaelbhratach. Tugtar treoir maidir leis an dóigh is fearr le teacht orainn ar na hardáin éagsúla - Facebook, Instagram, Youtube, Pinterest, X agus TikTok. Conas teagmháil a dhéanamh linn, clíb a chur orainn agus leas a bhaint as na hacmhainní a chruthaíonn muid.

Gaelbhratach: Cén fáth?

Déantar plé ar chuid de na cúiseanna a chuireann scoileanna isteach ar an scéim seo. Bíonn spreagadh difriúil ag gach scoil agus iad ar a n-aistear féin leis an teanga. Cuirtear fáilte roimh chách sa phobal speisialta seo!

Féinmheasúnú

Déantar cur síos ar an bpróiseas a bhaineann le samplaí a chur ar fáil le léiriú go bhfuil an bhratach tuillte ag do scoil.

RGCS/GDPR

Déantar cur síos ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí san fhíseán seo. Cad iad na cineálacha sonraí a bhailítear, cén fáth agus cén leas go bhfeádfaimis a úsáid astu. Tá nasc ann chuig Polasaí Príobháideachais Gael Linn

Na Téamaí

Baineann an físeán seo le scoileanna atá i mbliain 5+ den scéim amháin Déantar cur síos ar na catagóirí éagsúla atá i gceist leis na téamaí. Mínitear gur gá téama a roghnú ó chatagóir difriúil gach bliain. Tá sampla ann de rudaí go bhféadfaí a dhéanamh chun an téama a bhaint amach.